Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 150
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá lug mór idir dhá cnoc in-áit a bhfuil eolas maith agam air. Tá sé i gCorran Binne amuigh ag bruac na fairrge. Áit deas atá ann agus féar maith fada ag fas ann agus tá caoraigh, na bá, na capaile i dtolamh ag ingilt ann. Tá an lug sin iontach ciuin ar fad agus chualochadh duine an torman a badh lugha a bhfaca tú ariamh ann. Tá sé níos mó no míle ó theach ar bith amuigh i lar na gcnoc acht ní rachadh duine ar bith atá i gcomhnuidhe comhgharac leis an lug sin dha bhfuair céad punta, agus cad chuighe?Tá sé mile go leith, no mar sin o'n áit a togadh me. Áit uaigneach i gceart atá ann i lar an lae geal agus leogá is annamh abheas duine ar bith comhgarach de ins an oidce.
Cibé a's ar bith ní deacaidh duine isteach san lug sin ins an oidhche nach bfuair an scarraisge comh maith agus fuair duine ariamh agus 'sé an rud ceadna a thiocfas ar 'ac a'n duine. Níl a dhath a bheith le feiceal ann, acht toisigheann tarbh ag geimnigh agus ag buifrigh ann agus bionn an callan a dheannann sé comh mór sin go mbionn an talamh agus na cnuic ag crothadh leis. Is iomadha sgéal a chualaidh me o na shean dhuine fa dtaobh do "Lug an Taribh" agus me ann mo shuidh ag cois na teineadh ins na h-oidhcheannaí fhada geimhridh agus daoine as toighthe eile ag áirneal i dtigh sagainne.Tá cuimhne maith agam ar sgéal d'innis fear dar ainm Seán O Gallchobhair oidhche, tá sé a bhfad níos mo no dá fhichid bliadhain anois o'n oidhche sin agus cha rabh ionnamsa acht gasur beag ag an am acht tá an sgéal comh geal ann 'mo (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75