Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 208
- XML “Báthadh Mór Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá craobh mór fada de Chuan na Long ag síneadh isteach o'n uisge domhain - i , o bharra an Aird ar an thuascirt go dtí Béal an Leaca ar an deiscirt. Tá an gaoth seo níos mó no trí míle ar fad agus idir leath-mile agus míle ar a leitheadh. Tá an t-Árd Múire ar an iartar agus Craoibhigh ar an oirthear de'n ghaoth mhór fhada seo, áit íontac deas ar fad atá ann. Trágh tirim a bhios ann nuair a bios an lán mara amuigh, acht nuar a thiocfas ann lá mara isteach cumhdáceann sé an traigh uilig, agus nídeann se seo comh gasta sin gur chaitfhidh duine ar bith a bhios amuig ar an tráigh a bheith ar a coimheadh no baitheadh é.I mí na Lughnasa thiocann leir chorr shéasca isteach agus luigheann siad ins an ghanaimh, agus annsin cruinnigeann na daoine óna h-áiteacha thart fa an traigh le spadannaí agus malaí leobhtha agus toisigheann siad ag ramhair fa coinne na gcorr séasca; badh gnathach leobhtha a theacht na bhaile agus lán malaí de corr sheascaí leobhtha. Ins an oidhche nuair a bheas an geallach lán a' am a bhfearr fa choinne an oibre seo.Tá sgéal annseo ameasg na daoine fa dtaob do rud a thárlaigh ló cruinneadh daoine a bhí ar an traig ag chruinnóg corr shéasca oidhche amháin ins an am fadó. Tharlaigh se do rear cunntas na sean-dhaoine fa thuairm cead go leith bhliadhain ó shoin. Bhí leir daoine cruinnigiste ar an traigh an oidhche seo. Oidhche breagh geal a b'é ann agus bhí fir agus buachaillaí, mná agus cailíní cruinnigiste ann ar gach uile aird. Bhí na corr séasca iontac(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)