School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 139
  3. XML “An Bhean agus a Triúr Níon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    B'éigean do'n Chailleach a imtheacht agus bordaigh ar mhile eile tháinig sí comh fada le na tuirtinibh. Chuir sí ceist orthú an bhfaca siad giorrsach ar bith ag dul thart agus dubhairt siad go bhfaca siad leir daoine ag dul an bheallaigh agus cha rabh fhios acú an rabh an giorrsach ann no nach rabh.
    Sa direadh thiar thall tháinig sí com fada leis an muillean ghaoithe. Nuair a thainic sí comhgararach i gceart chuir sí ceist ar an mhuillean an bhfaca sé giorrsac ag gabhail thart an bheallach sin.
    "Tá mé rud beag bodhar" ars' an muillean, "tar giota beag níos comhgaraigh damh no ní bhéidh fhios agam caidé tá tú a radh.
    "Tháinig an Chailleach breágh comhgarach, agus nuair a bhi sí 'san áit ceart rith an muillean thart go gasta agus chrag sgiathain amháin an chailleac san cloigean; briseadh e agus thuit an Chailleach marbh ann áit a bonn. An torman a rinne an muillean nuair a bhí se ag dul thart mhusgail sé an ghiorrsach a bhí na codladha ag cúl an dorais agus tháinig sí amach go bhfeicidh sí caide bhí cearr agus chonnaic sí an Chailleac draoidhteacht na luighe marbh ag binn an toighe.
    "Sin direadh le do namhaid" ars' an muillean, "Tóg anois an t-slat atá ann a lamh agus buail an dhá dornóg móra atá luighe ar an t-sraid os coinne an dorais."
    Thóg an ghiorrsach an t-slath agus rinne si mar a d'iarr an muillean uirthi." Comh tuith agus bhuail sí iad d'eirigh siad suas na dhá ghiorrsac agus cé bhí ionntú acht an dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir