School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 201
- XML “Seán Crosach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (Is iomdha Rapaire a bhí ann Éirinn a b'fad ó sion, bhí ceann acu na chomhnuidhe san Thuascirt de Dhún na nGall annseo amach agus isteach le dhá céad bhliadhain ó sion, bhí sé maith go leór do na daoine bhochta thart fan áit seo (Daoine a cur na Sasanaigh amach as a gcuid talamh cosamhail leis féin) Acht buadach mór ar bith a fuair sé greim air dhíol se go daor. Sé Séan Crotach a bhí ar an fhear seo atá mé ag cainnt fa dtaob, agus chaith se chuid maith de a ama ins an Bhearas Bheag, fa thuairm mile go leith on scoil annseo, ar bheallac mhor idir seo agus Cill Mac Neannain, Agus is ins an Bhearnas Bheag a tharluigh an rud atá me a dul a innse anois, Tá an sgeul coiteann go leor ins an Paroíste seo, acht sé sean-fhear dar ainm Séamus O Cholla, a d'innis an sgeal damh mar atá se shíos annseo agam. Sean-fhear a bi i Shéamus nuair a d'innis sé an sgeál damh agus chualaidh sé féin e o na shean daoine nuair a bhí se na ghasur bheag. Tá Seámus le Sluagh na Marbh níos mó no fice bhliadhain, bhí sé na chomhnuidhe i mbeal Bhearnuis Bhig)
Seán CrosachSan am fad ó bhí rapaire na chomhnuidhe fríd sleibhte Dhúin na nGall annseo dar ainm Seán Crosach. Caithfeadh sé tamall i n-áit amhain agus annsin d'imthigheochadh sé go áit eigin-teacht eile. Bhí na tuaithe iontach maith dó agus leóga bhí seisean maith dobhtha fósta, agus rannadh sé an greim deireannach no an pighninn deireannach a bhí aige leobhtha.
Acht go ndearcaigh de ar an bhuadach a thuit isteac na(continues on next page)- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Séamus Ó Cholla
- Gender
- Male
- Address
- Béal an Bhearnais, Co. Donegal