Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Na Lochlannaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Gidh go bhfuil sé níos mó ná míle bliadhain ó aimsear na Lochlannaigh bíonn na daoine tuatha ag cainnt fa dtaobh díobhtha go foill. Níl sgeal ar bith ameasg na daoine fa dtaobh do troid a rinne na Lochlannaigh ach tá eagla a gcorp ar na sean dhaoine go dtiocfaidh siad lá eigin-teacht agus go marbhfadh siad a'ch a'n daoine thart fa'n áit. Tá sgéaltaí acú ar an scrios a rinne na Lochlannaigh ar na daoine ins an am fad ó, agus teisteann siad dúinn go fóill na h-áiteacha a rinne na daoine a dhul i bhfolach ann nuair a bhí na Lochlannaigh ag teacht.
    "Dane's Forts', atá ar na h-áiteacha seo i mBéarla. Acht se mo bharamhail féin gurbh é muintear na h-áite a rinne iad, le dul i bhfolach ionntú nuair a bhíodh dainsear ar bith comhgarach. Uaimh isteach faoin talamh atá ann gach ceann acú, tá béal bheag chaol orthú agus níl bhéadh acht duine amháin ábalta a dhul isteach le chéile, taobh istigh eirigheann an uaimh bréagh mór agus bheadh cuid mhaith daoine ábalta a dhul a bhfolach i gceann acu.
    Tá triúr acú seo i gCorain Bhinne, agus duine ar bith nach rabh fhios aige ar an áit a bhfuil iad, bheadh sé iontach deacair iad a fhaghail amach. Tá an triúr acú i líne amháin, agus da réir na sean-daoine tá an triúr acu ceangáilte le chéile agus go rabh duine ábalta a dhul ó cheann amháin go dtí an ceann eile faoi an talamh gidh go bhfuil míle ó'n chéad uaimh go dtí an ceann direanach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Vikings (~42)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)