School: Druim na Rath (roll number 12428)
- Location:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Dhúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim na Rath
- XML Page 208
- XML “Báthadh Mór Eile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá craobh mór fada de Chuan na Long ag síneadh isteach o'n uisge domhain - i , o bharra an Aird ar an thuascirt go dtí Béal an Leaca ar an deiscirt. Tá an gaoth seo níos mó no trí míle ar fad agus idir leath-mile agus míle ar a leitheadh. Tá an t-Árd Múire ar an iartar agus Craoibhigh ar an oirthear de'n ghaoth mhór fhada seo, áit íontac deas ar fad atá ann. Trágh tirim a bhios ann nuair a bios an lán mara amuigh, acht nuar a thiocfas ann lá mara isteach cumhdáceann sé an traigh uilig, agus nídeann se seo comh gasta sin gur chaitfhidh duine ar bith a bhios amuig ar an tráigh a bheith ar a coimheadh no baitheadh é.I mí na Lughnasa thiocann leir chorr shéasca isteach agus luigheann siad ins an ghanaimh, agus annsin cruinnigeann na daoine óna h-áiteacha thart fa an traigh le spadannaí agus malaí leobhtha agus toisigheann siad ag ramhair fa coinne na gcorr séasca; badh gnathach leobhtha a theacht na bhaile agus lán malaí de corr sheascaí leobhtha. Ins an oidhche nuair a bheas an geallach lán a' am a bhfearr fa choinne an oibre seo.Tá sgéal annseo ameasg na daoine fa dtaob do rud a thárlaigh ló cruinneadh daoine a bhí ar an traig ag chruinnóg corr shéasca oidhche amháin ins an am fadó. Tharlaigh se do rear cunntas na sean-dhaoine fa thuairm cead go leith bhliadhain ó shoin. Bhí leir daoine cruinnigiste ar an traigh an oidhche seo. Oidhche breagh geal a b'é ann agus bhí fir agus buachaillaí, mná agus cailíní cruinnigiste ann ar gach uile aird. Bhí na corr séasca iontac(continues on next page)
- Collector
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir