School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 209
  3. XML “Báthadh Mór Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    flúirseac an oidhce ceadna, agus chuinnig ac' an duine ag obair comh gasta agus thig leis agus is cinnte go dearn ac' a'n duine dearmad ar an lán mara.
    Tharluigh go bhfuil an traigh seo a bhfad níos airde amuigh ina lár no comgarach leis an talamh. Istuigh ar bhruach an cladaigh a riteas abhainn an leacú - cuid de ar gach taobh - agus ar an adhbhair sin cá dtug duine ar bhith fa dear den lán mara nuair a thoisig se ag teacht isteach ar tús, agus súl ar mhotuigh siad bhí an t-uisge thart fa dtaob díobhtha ar gac thaobh. Annsin nuair a bhí siad rab-mhall, chonnaic siad an dainsear, agus thoisigh an screadaigh agus an caoineadh. Bhí cupla fear ann agus capall le achan fear acú, Chuir na fir seo triúr no ceathrar mna ar gach chapall agus snamh na capaill trasna go dtí an talaimh tirim. Arais leobhtha arais agus shabhal siad cuid eile, agus cuinnigh siad mar sin go dtainich an lán mara isteach agus gur baitheadh ac' a'n creatur a bhí ar an traigh an oidhche mhiltineach sin.
    Níl fhios againn i gceart cá mheid a bí caillte acht dubhairt na sean gur baithad idir ceitre scór agus ceitre scór go leith, agus dubhairt siad fósta nach rabh teac i leath an pharóiste nach rabh duine caillte as. Tá seán amhráin deas san gaedhilg againn go fóil fa dtaobh do an baitheadh mór sin. Acht fuair h-Einrí O Muireasa e, uainn, agus tá sé a bheith le faghail i dhá chéad de Crobtaibh Uladh. Tá tracht ar an bhaitheadh sin ameasg na daoine go foil agus is iomdha a chualaidh mé e, ag fairibh agus áiteacha eile.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. drowning (~292)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir