Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Donegal
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 202
- XML “Seán Crosach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lamha. Rinne se obair goirridh díobhtha, budh gnathach leis a fhánact amuigh annseo i mBearnas Bheag - (áit idir Leitir Ceannain agus an Dún Fionnacaidh), agus duine ar bith a bhí ag dul fríd an bearnus agus airgead leis ghlacfadh se ua e.Ag an am seo bhí fear na chomhnuide i nDún Fionnachaidh agus bhí leir airgid aige, acht an t-airgead seo i nDoire Colmcille cionnus nach rabh banc ar bith i nDún Fionnachaidh ag an am sin. Bhí dúil ag an fear mór saidhbhir seo teach breág úr a cur suas ach níor mhaith leis a chuid airgid a thabhairt leis as an Doire ar eagla go dtiocfadh Seán Crosach air.Bhí fear oibre ag an fhear shaidhbheir seo, agus lá amháin d'innis sé don fhear oibre caidé bhí ann a cheann le deanamh agus an eagla a bhí air."Na leig a dhath ort" ars' an fear, "beidh an t-airgead agat i gcionn seactmaine," agus thoisigh an bheirt ag cainnt agus ag gaire.Tráthnóna lá ar na mbarach bhí sean-fhear a bheith le feiceal ag dul suas fríd an bearnus. Bhí cuma stifilte air. Bhí sean-eaduigh strocaigh, sean hata, bróga caithte agus féasóg mhór fhada liath air. Bhí bata mór trom na láimh leis fosta. Nuair a bhí sé leath-bheallaig fríd - shuas (?) ag an áit a bhfuil Micí Ua Gallcobair na chomhnuidhe anois - thug sé fa dear go rabh fear eile na shuidhe ar thaobh an bheallaigh mhoír agus a ghearran ag ithte féir giota beag ua. Fear mór láidir a bhí ann agus nuair a chonnaic se an fear as an Dún Fionnachaidh ag teacht d'éirigh sé agus sheas se i lár(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cholla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Bhearnais, Co. Donegal