Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 203
- XML “Seán Crosach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an bheallaigh mhóir.
Labhair sé leis an sean-fhear nuair a tháinic sé comhgarac go leor agus dubairt se leis:-
"Cá bhfuil tú ag dul leat-fhéin an am seo ins an tráthnóna fríd áit uaigneach cosamhail leis an Bearnuis?"
"Och! Taim ag dul go Doire," ars'an t-sean-fhear,
"agus caidé tá tú ag dhul a dheanamh i nDoire?" ars' an fear eile.
"Bal, tá mo mhaighistear ag dul a chur suas teach breágh úr agus chuir sé mé go Doire fa choinne cupla chéad puint leis an teach a thogail," ars' an t-sean-fhear.
"Agus nach bfhuil eagla ort go dtiocfadh Seán Crosach ort nuair atá tú ag teacht arais?" ars' an fear mór.
"Cha mbainfeadh Seán Crosach le sean-fhear cosamhail liomsa," ars' an fear eile.
"Cé h-am a mbéidh tú ag teacht arais?" ars' an fear mór.
"Tráthnóna Dia h-Aoine" ars' an t-sean-fhear.
"Bí ar do choimheid. Tá Seán Crosach ag bogadaigh thart. Coimhead tú feín ar eagla," ars' an fear mór.
"Och! nach leigfeadh Seán Crosach meur ar mo leithead-sa" ars an t-sean-fhear, agus d'imthigh gach fear ar a bheallach féin.Bhí go maith agus ní rabh go holc. D'imthigh an sean-fhear leis, agus níor stad se go rabh se i nDoire. Fuair sé an t-airgead agus phill se leis na bhaile,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cholla
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Bhearnais, Co. Dhún na nGall