School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 484

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 484

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 484
  3. XML “An Dá Chroiceann Déag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    h aois pósta. Scríobh siad sin síos ann dhá leabhar agus fuair gach fear aca leabhar. Annsin scar an bheirt uadh na chéile agus chuaidh ‘acha’n fear aca a bhealach fhéin.
    D’éirigh an saoghal go maith leis an fear thiar agus i gcionn roinnt bliadhantach bhí sé ‘n-a shuidhe go teith; ach bhí [at’rach]? scéil le hinnse ag an fhear i bhfus ná bheir boichtíneacht an t-saoghail air.
    Nuair a bhí an gasúr ag tarraingt ar fhichead bliadhan bhí sé ag amharc fríd chuid leabharthach a athra. Chonnaic sé an rud a bhí scríobhtha fá dtaoibh do fhéin agus an ghiorsach shiar i gConnachta. Chuir sé ceist ar a athair caidé fá dtaobh de’n rud a bhí scríobhtha sa leabhar. D’innis an t-athair do caidé mar bhí ó thús go deireadh
    “Ach”, ar’ seisean, “ní’l maith ar bith duit a ghabhail siar go Connachta á hiarraidh sin, mar tá sí i bhfad ró-ghalanta fá do choinne-se. Tá sí comh-galanta agus go bhfuil dhá
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0851: The Princess who Cannot Solve the Riddle
    Language
    Irish
    Collector
    Iseabal Níc Pháidín
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Proinsias Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    41
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall