School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 467

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 467

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 467
  3. XML “Rothaí an tSaoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí lánamhain i nÉirinn fadó agus bhí gasúr beag amháin aca. Lá amháin d'imthigh an gasúr seo a chruinniugadh airgid. Chuaidh sé go dtí teach duine saidhbhir a bhí san áit. Bhí an fear 'n-a shuidhe taobh amuigh de'n doras agus ní raibh fhios aige caidé 'n chesit a chuirfeadh sé ar an ghasúr. Sa deireadh smaointigh sé ar cheist. Nuair a thainic an gasur fhad leis an fhear ualal, chuir an fear ceist air caidé bhí Dia a deanamh agus dubhairt an gasúr go raibh sé ag deanamh rothaí. Thug an fear uasal cúig phunnta do.
    Smaointigh an gasúr go gceannóchadh sé rud éiginteacht ar na cúig phunnta agus go ndeanfadh sé tuilleadh airgid as. Cheannuigh sé luach chúig bpunnt agus rinn sé deich bpunnta amach as. Lean sé de'n obair sin agus sa deireadh chuir sé suas siopa agus thainic sé ar aghaidh go maith sa t-saoghal.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Ó Baoighill
    Gender
    Male
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Cáitlín Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    46
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall