Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “Pisreogaí”
  4. XML “Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gan an [tú]? fhaochlach a bheith ag ná córsanáigh.
    Déirtar dá gcáisfidh eaidhbhsí ort agus é ag caoinéad gó bog brónach gur sin cúis luighthréach nó déirtar gur áit mait a fuair sé ar neamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Oidhche Samhna
    O tharla go bhfuil an tSamhain linn arís níor miste trácht a deanamh ar cuid de na rudaibh nar dtearn muid cainnt ortha cheana féin. Seo a leanas líosta de na cléasanna is mó a
    gnídhtear ins an ceanntair seo. Ní bhíonn na cléasanna ceadna ag na duine fasta agus na duine beagha. Ag dóghad cnodhanna an cleas is mo a bhíonn in usaid ag na daoine mór. Seo an dóigh a gnídhtear an cleas seo. Tóghann an sgaifte fear agus bean a smaointhigheann siad a bfhuil le pósad gan mhoill. Dhéanann duine eiginteacht áit ins an luaith agus cuireann sé dhá cnódh isteach. Fagtar iad go mbéidh siad dubh. annsin lásann sé giota beag pápéir agus lásann ceann de na cnódhanna. Má lásann an cnódh eile ón cead cheann pósthár an bheirt sin roime bliadhan ón t-am sin.
    Faigheann na páistí an spóirt as ag tógáil ubhla as tobann nó méas uige. Cuirtear ubhla isteach i dtoban.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.