Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 130
  3. XML “Seán agus a Mháthair Anna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Séan agus a mháthair Ánna.
    Bá gnatach leis an gasúr seo a gabhail amach fríd na coillte agus bataí a cruinnuighadh leis an tine a coinneailt i gabhail. Lá amháin nuair a bí sé ag cruinnuighadh táinig sé treasna ar liathroid iongantach bheag. Bhí sé ag amarc air tamaill fada agus sa deireadh sáith se é ina pócha. Ard tráthnóna táinig sé na bhaile agus nuair a d’ol se a cuid tae d’imthigh se amach. Bhí sé ag spáisteoracht tart agus smaointigh sear an liatroid. Chuir sé é síos faoin ta,amh é agus d’imthigh leis síos an bealach mhór. Cuaid se a luighe an oidhche sin agus ar maidín lá ar na barach musgail sé. Le sin d’amharc se amach agus chonnaic sé an crann mor. Amach leis comh gásta agus thiocfad leis agus d’amharc sé suas. Ní rabh barr an chrainn le feicéal. D’imthigh sé isteach ‘un toighe agus d’innis an sgéal do mháthair. Nuair a fuair an gasúr a breicféasta toisigh sé i ghabhail suas an crann. Siubhal sé leis suas no go rabh sé suas ag barr an crainn agus nuair a bhí sé thuas chonnaic sé an caisléan a ba breaghtha a chonnaic súil ar aramh. Fathach a bhí na comhnuidhe annseo agus bi fhíos ag an gasúr seo go muirféadh an fhathach eisean agus a mháthair. Smaointhigh sé ar chleas leis an fhear seo a mharbheadh. Fuair Seaghan spad agus rinne poll mór ag doras an caisléain. Bhí an poll seo iongantach domhan (agus) bhí sé suas le cead tróigh. Fuair sé bataí agus chuir treasna ar an pholl iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Dubtaigh
    Inscne
    Fireann