Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 9

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 9

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 9
  3. XML “Gruagach na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigí Ní Bhaighill, Loch an Iubhair, Áth na gCoire, Tír Chonaill a d'innis an scéal seo. Tá sí marbh anois le sé bliadhna. Chualaidh sí an scéal ag sean-duine a bhí sa chomhursanacht ar a dtugadh siad Eoghainín Seamuis Ruaidhrí. Bhí Peigí fá thuairim 65 bliadhan nuair a fuair sí bás.
    Gruagach na gCleas
    Bhí rí in i bhfad ó shoin agus bhí inghean amháin aige dar bh'ainim dithe Gráinne. Bhí Gruagach na gCleas le dul thart agus Gráinne a thabhairt linn.
    Chuir an rí gárdaí ag na geaftaí, agus dhá ghárda a rabh an Dubhfhraoich agus Dubhmhach an Dubhfhraoich ortha ag gárdáil an t-seomra san oidhche.
    Thainig nead i mullach an toighe. Thoisigh na h-éanacha ag seinim ann, agus ins an deireadh thuit na gárdaí ina gcodladh. Thainig Gruagach na gCleas annsin agus thug sé Gráinne leis. Nuair a ghlan an lá d'éirigh an Rí go dtí go bhfeicfeadh sé goidé mar bhí na gárdaí ag dul ar aghaidh. Chuaidh sé go dtí an chead gheafta acht bhí na gárdaí na gcodladh; chuaidh sé go dtí an dara geafta, agus bhí na gárdaí na gcodladh fosta; annsin chuaidh sé go dtí na geaftaí uilig, ach bhí na gárdaí uilig ina gcodladh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall