School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 8
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"A mháthair," ar seisean tar annseo, seo m'athair ag caitheamh a phíopa. D'éirigh an bhean agus bhí luthghair mhór uirthi.Thoisigh an bhean a dhéanamh réidh a bhricfeasta anois. "Seo bunnóg bheag aráin a chur an maighistreas anall chugat mar pronntanas," arsa Tomas. Chuaidh sí go dtí an bhunnóg agus an chead giota a ghearr sí dithe, bhí sí lán gínidheacha. Is innti seo a cuireadh tuarastal Thomais gan fios ar bith a bheith aige fhéin air.Naoi no deich de laethibh ina dhiaidh seo chualaidh Tomas iomradh fa chás marbhthach an duine aosta. Smaoitigh sé gur mhór an truaighe fear an phaca a bheith coirtheach ins an chás. Chuaidh Tomas isteach go teach na cúirte i Leithbhearr agus mhionnuigh sé an chainnt a chualaidh sé an bhean seo a radh. Leigeadh amach fear an phaca agus rinneadh priosúnach de'n bhean a fhuaireas cionntach.Phill Tomas na bhaile agus é lán-chinnte gur mhór an bhrígh agus chrionnacht a bhí ins na trí comhairleacha agus níor corruigh sé as an bhaile ó'n lá sin go dtí lá a bháis.Nodlaig 1934
- Informant
- Seán Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- c. 62
- Address
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall