School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 17

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 17

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 17
  3. XML “Iníon Mhic Suibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ingean Mhic Suibhne
    Bhí fear ann am amháin dar b'ainm Mac Suibhne. Bhí ingean aige nach rabh a léithead ar dhruim an domhain. Ní bhfuigeadh fear ar bith le pósadh í acht an fear a rabh a meadhchon d'airgead aige. Bhí fir ag teacht as gach uile áit ag meadhchadh a gcuid airgid acht ní rabh faic de mhaith daobhtha ann.
    Bhí fear i mbarr Ghaoth -Bearra dar bh'ainm Labhras 'ach Ceallaigh. Níor shaoil a'n duine ariamh go rabh airgead aige. Chualaidh sé fa íngin Mhic Suibhne agus ghléas sé é fhéin maidin amháin, thug sé leis an t-airgead ar a dhruim agus d'imthigh leis. Chuaidh sé fhad le Mac Suibhne agus mheadhch a chuid airgid. Bhí meadhchan ingne Mhic Suibhne aige.
    Pósadh an bheirt acu agus chuaidh siad go Doire a chomhnuidhe. Bhí dóigh bhréagh ortha agus bhí siad a sáith ón tsaoghal. Lá amháin bhí Labhras na shuidhe síos ar Chuan Loch Suilge, agus chonnaic sé bád na chuain agus chuaidh sé 'un comhraidh leis an chaphtaoin. Nuair a bhí siad tamall ag comhradh dubhairt an captaoin go dtiocfadh sé leis bean Labhrais a bheith aige da mba mhaith leis é. Dubhairt Labhras da rachadh sé suas agus an fáinne a bhí ar mhéar a mhná a bhaint díthe ghan fhios, go dtabhairfeadh sé a chuid saidhbhris go h-uile dó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Language
    Irish
    Informant
    Tomas O Dubhthaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Airdmhín, Co. Donegal