School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 8

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 8

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 8
  3. XML “Na Trí Chomhairle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "A mháthair," ar seisean tar annseo, seo m'athair ag caitheamh a phíopa. D'éirigh an bhean agus bhí luthghair mhór uirthi.
    Thoisigh an bhean a dhéanamh réidh a bhricfeasta anois. "Seo bunnóg bheag aráin a chur an maighistreas anall chugat mar pronntanas," arsa Tomas. Chuaidh sí go dtí an bhunnóg agus an chead giota a ghearr sí dithe, bhí sí lán gínidheacha. Is innti seo a cuireadh tuarastal Thomais gan fios ar bith a bheith aige fhéin air.
    Naoi no deich de laethibh ina dhiaidh seo chualaidh Tomas iomradh fa chás marbhthach an duine aosta. Smaoitigh sé gur mhór an truaighe fear an phaca a bheith coirtheach ins an chás. Chuaidh Tomas isteach go teach na cúirte i Leithbhearr agus mhionnuigh sé an chainnt a chualaidh sé an bhean seo a radh. Leigeadh amach fear an phaca agus rinneadh priosúnach de'n bhean a fhuaireas cionntach.
    Phill Tomas na bhaile agus é lán-chinnte gur mhór an bhrígh agus chrionnacht a bhí ins na trí comhairleacha agus níor corruigh sé as an bhaile ó'n lá sin go dtí lá a bháis.
    Nodlaig 1934
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    c. 62
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal