School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 56
  3. XML “An Madadh Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nóra, bean Uí Dhuirnín, a d'innis an scéal seo. Tá sí ina comhnuidhe I gCró Bheithe, Clochán Liath, Tír Chonaill. Tá sí anois 60 bliaidhain d’aois agus bean feirmeóra atá inntí. Ruagadh í ar an Tulaigh, fá thuairim 3 mhíle taobh thoir den Chlochán Liath, agus is ar an Tulaigh a chaith sí a saoghal gur pósadh í. Chualaidh sí an scéal seo ag n-a máthair, a bhí ina comhnuidhe ar an Tulaigh nuair a bhí sí ina giorrsaigh.
    An Madadh Dubh
    Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí rígh i nÉirinn agus bhí triúr ingheanach aige. Chuaidh siad amach oidhche Shamhna a d’iarraidh athchunge. D’iarr an bhean a bá sine Cócaire duine uasail le pósadh, agus d’iarr an dara bean Garrantóir a fhaghail le pósadh. D’iarr siad ar an mhnaoí óiga h-athchuinge a iarraidh, agus deánamh pisréog. Bhuail siad í agus tharraing siad an ghruag d’a ceann.
    “Mo chreach nach bhfuil mé ar shiubhal uaibh,” arsa sise, “muna dtabharfadh acht madadh dubh leis mé.” Leis sin sgiord madadh dubh isteach eadar a dhá cois agus d’imthigh sé agus í leis ar a dhruim-amach ar an fhairrge, go dtí an t-oileán ghlan órdamhail í. Bhí bórd bídh i lár an toighe, agus gach uile chineál da dtiocfadh le duine a ithe air. Shuidh sí ag an teinidh agus cuma bhrónach uirthí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Nóra Bean Uí Dhuirnín
    Gender
    Female
    Age
    68
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal