School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 95

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 95

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 95
  3. XML “Mar Fuair Mac Rí na hÉireann a Chéile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cáit, Bean Uí Chonaill, Leitir Catha a d'innis an scéal seo. Fuair sí bás tá sé bliadhna ó shoin in aois cheithre scor. Níl a fhios agam cé aige a chualaidh sí an scéal ach bhí a lán de shean-scéalta aici. Chaith sí deireadh a saoghail i Leitir Catha.
    Mar Fuair Mac Riogh na hÉireann a Chéile
    Bhí rí i nÉirinn agus ní rabh aige ach mac amháin. Lá amháin ins an Gheimhreadh bhí mac an riogh ina shuidhe ar chathaoir thuas ins an teach barr ina chaisleán, agus é ag cur doighe ar a chuid acrai. Tharluigh sé go dtainic an scian ar a mhéir agus thoisigh an fhuil a teacht. Bhí an áit a rabh sé ina shuidhe comh gallanta a's nar mhaith leis an turlár a shaladh leis an fhuil a bhí ag teacht as a mhéir. Thóg sé an fhuinneóg agus shín sé amach a lámh. Thainic éan dubh agus thoisigh sé a gh'ól na fola. Bhí brat maith sneachta ar an talamh.
    Maidin dheas gréine 'bhí ann. Bhí an deirge a bhí ins an fhuil agus an duibhe a bhí ins an éan agus an ghile a bhí ins an t-sneachta ag amharc íontach deas i suilibh mhic an riogh. Smaoitigh sé dá gcasaidhe bean aige a mbeadh a gruaig comh dubh le cleithe an éin; a croiceann comh geal leis an t-sneachta agus a pluca comh dearg leis an fhuil a thuit uaidh-san ar an t-sneachta go mbeadh sé i gceart.
    Thainic sé anuas a' staighre agus d'innis sé dó n-a athair caidé bhí dhíoghail air. "Bhal," arsa an t-athair, "a mhic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0505: Dead Man as Helper
    Language
    Irish
    Informant
    Cáit Bean Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Catha, Co. Donegal