School: Mín na Mánrach

Location:
Meenamarragh, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne

Filter stories

Back
/ 168 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Scéal

Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murcadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-craobh.

Brídig Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair, Tírchonaill a d’innis. Feach leathanach 44

Scéal
Bhí beirt dearbhratharach ina gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile aon uair amháin darbh' ainm Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Gach aon maidin maidin nuair a d'éirigheadh Murchadh Mór cuireadh sé Murchadh Beag amach 'un na coilleadh fá choinne gugán súgh-craobh. Maidin amháin d’imthigh Murchadh beag ‘un na coilleach, bhain sé na sugh-chraobh agus thug aghaidh ar an bhaile. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar crann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann ar fosgadh. Fhad is bhí sé faoi an crann smaoitigh sé go n-íosfadh sé ceann de na sugh-chraobh. D’ith sé ceann de na súgh-craobh agus shíl sé go rabh siad an-mhilis. Thoisigh sé agus níor stad sé gur ith sé an méid a bhí ins an ghugán. Thug sé an gugán ‘un an bhaile chuig Murchadh Mór. Beir an fear sin ar an ghugán agus ar seisean le Murchadh Beag, “An dara lá a thiocfas tú le gugán folamh chugam cuirfidh mé ‘un báis thú”
An dara maidin cuir sé Murchadh Beag amach arís agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an chrann thainig cioth fearthanna agus chuaidh sé isteach faoi’n chrann cheadna a rabh sé an lá roimhe sin. Thoisigh

(continues on next page)
Informant
Bríghid Ní Dhochartaigh
Gender
female
Age
circa 60
Address
Gweedore, Co. Donegal
Language
Irish