School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Donegal
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 119

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 119

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 119
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán.

    Antoin ÓGallchobhair Cró Bheithe An Clochan Liath Tírchonaill a d'innis. Feach leath 38
    Scéal
    Bhí fear ann fadó shoin ar b'ainm do Cormac. Nuair a fuair a athair agus a mhathair bás, ní rabh do ghleas beo aige ach sean ghearran bán. Fuair an gearrán bán bás, agus d'fheann Cormac é, agus rinne cóta de. Fuair sé claidheamh deánta de na crúthacha, - claidheamh a mhairbhfeadh seacht gcéad le achan bhuille. Nuair a bhí sé ag pilleadh 'na bhaile lá bréagh gréine chonnaic sé scaifte cuileóg. Tharraing sé an claidheamh agus marbhuigh sé seacht gcéad aca.
    Dar leis fhéin, dheánfadh an claidheamh seo gnoithe maith. Bhí croiceann an ghearrain air. Le coim na h-oidhche thainig sé go dtí áite aoil. Bhí sí te indiaidh an t-aol a bhaint aistí agus dar leis go gcodlochadh é inntí go maidin. Ní rabh sé i bhfad istuigh inntí go dtainig fear agus bean go dtí an áite.
    Bhí bascoid leis an mhnaoi, agus shuidh sí ag béal na h-átha. Spréidh sí an t-éadach, agus thug amach achan chineal bídh a b'fhearr no cheile. Bhí an t-ocras ar Chormac, agus shuidh sé ag taoibh na hátha. Nuair a chuaidh an fear agus an bhean a íthe, rinne Cormac gnúsachtach.
    "Dar fiadh," ars an bhean, "'siud an diabhal"!
    "Bí do thost" ars' an fear, agus le sin rinne Cormac an dara ceann as.
    "O! m'anam fhéin gurab é," ars an fear.
    D'imthigh an bheirt aca, agus d'fhág siad an bhascoid ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1000: Bargain Not to Become Angry
    Language
    Irish
    Informant
    Antoin Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cró Bheithe, Co. Donegal