Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    le sgéal fada a dheánamh goirid, agus le ceann (fada), goirid a dheánamh maith, shocair Tomas Padraic a chur go hAlbain. Chuir, agus ó'n lá a d'imthigh sé go dtí an lá a dtainig sé arais, níor chuir sé scolb no sgéala 'na bhaile. Chuaidh na bliadhanta thart, fuair Mícheal bás, agus bhí a theaghlach uilig scaptha ar dhruim an domhain, agus ní rabh aon duine sa tsean-árus ach Domhnall. Bhí seiseán pósta agus triúr mac aige.
    Bhí Tomas beo go fóill, agus a cheann as a chosa buailte ar a chéile ag an aois. Ní rabh ins an bhaile aige ach inghean amháin. Bhíodh fear ar fastód aige a chuireadh an bárr ins an Earrach, agus a bhaineadh é ins an Fhóghmhair.
    Cé thainig 'na bhaile, tráthnóna amháin, ach Pádraig, a bhean agus a theaghlach. Beirt ingheanach agus triúr mac a bhí aige. Bhí luthghair an domhain ar a athair roimhe, agus thug sé leath a raibh de mhaoin shaoghalta aige do. Rinne Pádraic teach, agus d'oibir sé fhéin agus a chuid mac é. Bhíodh a bhean agus a cuid ingheanach ag cniotáil, agus ní rabh i bhfad go rabh siad ina sáith de'n tsaoghal.
    Is fíor an sean-fhocal a deireas: "An rud atá ins an chnáimh, is doiligh a bhaint as an fheoil." Ní rabh ach claidhe críche eadar cuid talaimh Dhomhnaill agus cuid Phadraic. Tharla sé gur leagadh an claidhe am amháin, agus ní leigfeadh Pádraic do na chuid mac cuidiú le cuid mac Dhomhnaill an claidhe a thógail, agus is de thairbhe sin a troideadh an cath sin.
    Níor mhair an troid ach uair go leith, agus marb-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siubhan Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Leitir Catha, Co. Dhún na nGall