School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 133
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Fad ó shoin nuair a thainic an chead mhuinntir a chomhnuidhe go Leitir-Mhac-a'-Bháird, bhí beirt fhear ina measg ar b'ainm daobhtha Mícheal Ó Baoighill agus Tomas O Gallchobhair.”
(continued from previous page)le sgéal fada a dheánamh goirid, agus le ceann (fada), goirid a dheánamh maith, shocair Tomas Padraic a chur go hAlbain. Chuir, agus ó'n lá a d'imthigh sé go dtí an lá a dtainig sé arais, níor chuir sé scolb no sgéala 'na bhaile. Chuaidh na bliadhanta thart, fuair Mícheal bás, agus bhí a theaghlach uilig scaptha ar dhruim an domhain, agus ní rabh aon duine sa tsean-árus ach Domhnall. Bhí seiseán pósta agus triúr mac aige.
Bhí Tomas beo go fóill, agus a cheann as a chosa buailte ar a chéile ag an aois. Ní rabh ins an bhaile aige ach inghean amháin. Bhíodh fear ar fastód aige a chuireadh an bárr ins an Earrach, agus a bhaineadh é ins an Fhóghmhair.
Cé thainig 'na bhaile, tráthnóna amháin, ach Pádraig, a bhean agus a theaghlach. Beirt ingheanach agus triúr mac a bhí aige. Bhí luthghair an domhain ar a athair roimhe, agus thug sé leath a raibh de mhaoin shaoghalta aige do. Rinne Pádraic teach, agus d'oibir sé fhéin agus a chuid mac é. Bhíodh a bhean agus a cuid ingheanach ag cniotáil, agus ní rabh i bhfad go rabh siad ina sáith de'n tsaoghal.
Is fíor an sean-fhocal a deireas: "An rud atá ins an chnáimh, is doiligh a bhaint as an fheoil." Ní rabh ach claidhe críche eadar cuid talaimh Dhomhnaill agus cuid Phadraic. Tharla sé gur leagadh an claidhe am amháin, agus ní leigfeadh Pádraic do na chuid mac cuidiú le cuid mac Dhomhnaill an claidhe a thógail, agus is de thairbhe sin a troideadh an cath sin.
Níor mhair an troid ach uair go leith, agus marb-(continues on next page)- Informant
- Siubhan Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- c. 50
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal