Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 125
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear an Gallchobharagh i Loch an Iubhair fad ó shoin agus bhí sé fhéin agus a bean agus a theaghlach beo bocht.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an toighe go bhfeicfeadh sí cé ar leis í no cé bhí bhí (?) léithe ach ní fhaca sí aon duine. D'éist sí fiachail an gcluinfeadh sí callán ar bith ach níor chualaidh sí a dhath agus thainig sí 'un toighe arís. Ní mo na go rabh sí astoigh nuair a thainig sí ath-uair go dtí an doras. D'éirigh fear an toighe le n-a cur ar shiubhal. Bhreathnaigh sé í agus dubhairt le na mnaoi gur mór an peacadh gan í a bhlighe no do réir chosamhlachta go rabh leathrach mór uirthí. Cuireadh isteach agus bligheadh í agus bhí sin aici bliocht mór bhainne. Coinnigheadh go maidin í agus bligheadh arís í.
Chuaidh fear an toighe amach a chur tuairisc ar na comharsanaigh ar mhothuigh siad duine ar bith a chaill bó aréir. Níor mothuigheadh duine ar bith ar thuairisc na bó agus dar le fear an toighe go rachadh sé chuig an tsaghart a d'innse do go rabh an bhó aige agus é a thabhairt amach sa phobal an Domhnach sin a bhí chucu. Rinne sé ath-smaoitiú nach rachadh sé a comhair go maidin Dia Domhnaigh agus go n-éisteochadh sé an t-Aifreann agus go sabhlochadh sé an dá shiubhal do mar bhí an siubhal fada. Thug an saghart amach sa phobal ma bhí duine ar bith a chaill bó a dhul chuig Niall Ó Gabhchobhair i Loch-an-Iubhair agus go bfuigheadh siad í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Uí Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall