School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Donegal
- Teacher: Niall Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 125
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear an Gallchobharagh i Loch an Iubhair fad ó shoin agus bhí sé fhéin agus a bean agus a theaghlach beo bocht.”
(continued from previous page)an toighe go bhfeicfeadh sí cé ar leis í no cé bhí bhí (?) léithe ach ní fhaca sí aon duine. D'éist sí fiachail an gcluinfeadh sí callán ar bith ach níor chualaidh sí a dhath agus thainig sí 'un toighe arís. Ní mo na go rabh sí astoigh nuair a thainig sí ath-uair go dtí an doras. D'éirigh fear an toighe le n-a cur ar shiubhal. Bhreathnaigh sé í agus dubhairt le na mnaoi gur mór an peacadh gan í a bhlighe no do réir chosamhlachta go rabh leathrach mór uirthí. Cuireadh isteach agus bligheadh í agus bhí sin aici bliocht mór bhainne. Coinnigheadh go maidin í agus bligheadh arís í.
Chuaidh fear an toighe amach a chur tuairisc ar na comharsanaigh ar mhothuigh siad duine ar bith a chaill bó aréir. Níor mothuigheadh duine ar bith ar thuairisc na bó agus dar le fear an toighe go rachadh sé chuig an tsaghart a d'innse do go rabh an bhó aige agus é a thabhairt amach sa phobal an Domhnach sin a bhí chucu. Rinne sé ath-smaoitiú nach rachadh sé a comhair go maidin Dia Domhnaigh agus go n-éisteochadh sé an t-Aifreann agus go sabhlochadh sé an dá shiubhal do mar bhí an siubhal fada. Thug an saghart amach sa phobal ma bhí duine ar bith a chaill bó a dhul chuig Niall Ó Gabhchobhair i Loch-an-Iubhair agus go bfuigheadh siad í.(continues on next page)- Informant
- Gráinne Bean Uí Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Leitir Catha, Co. Donegal