Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)

Suíomh:
An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ua Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 517

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 517

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Leathanach 517
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na bhaile sínn.
    Tá aonach in-a leitead seo a áit mbarrach agus deánfhuigh mise gearráin deas dubh duth fhéin, agus bheírfhuigh tú an aonaigh mé, agus nuair a dháolaigh tú mise. Báin an srean do ma ceann agus go amach go dtí ceann a bhaile, agus cníoth trí h-uaire an srean ag radh achan uair acha ma dhíol tú da gearrain nar dhíol tu da shréan. Bhí sin maith go leor. D’eirigh d’on Ríogh ar maidin bhí gearráin deas dubh sa stábla agus thug an aonaigh é agus dhíol sé é le cheannéocar ar cuig cead phunta.
    Bháin sé an shréan anuas do ceann a ghearráin agus chuaidh amach go dtí cheann a bhaile agus cnaoith trí h-uaire an sréan ag radh achan uair acha ma dhíol mé mo gearrain nar dhíol se sréan agus tainig a mac cuige a subhal.
    A áthair a deir sé níor iarr tú leath go leor orm, no ca bith a d’iarrfa orm geobhtha é. Anois tá muid fa dhá lá subhal d’on long a bhéirfeas na baile sinn agus tá aonach ina leithead seo a áit mbharrach, agus dheanaidh mise gearráin deas donn duth fhéin, agus d’iarr go leor orm-sa mbharrach, no ca beith a d’iarrfa orm gheobhtha é. Nuair a d’éirigh an Ríogh lá thar na bharach bhí an gearráin deas donn sa stábla. Dimthigh leo chun aonaigh agus dhíol sé an gearráin le ceanneochar ar míle punta.
    Bhain a srean do a ceann, agus chuaidh amach go ceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus 'ac a Luain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Beangán Buí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás 'ac a Luain
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Beangán Buí, Co. Dhún na nGall