Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Is fursa sin a radh nó a dheánadh” ars an fearamoir. “Níl faic ‘e mhoill a dheánadh”, ars an chailleach. “Da réir mo bharamhla is goirid an tam go rabh caraideas - críostaigh a dhith ort, agus iarr ar Chrochur Bheag a dhul go h-ifreann fa choinne carraideas - críostaigh.
    Nuair a d’éirigh Crochur Beag lá thar na mhárach, chuaidh an maighistear un cainnte leis.
    “A Chrochuir Bhig”, ar seisean, “an rabh tú ariamh in ifreann?”
    “Maise ní rabh”, arsa Crochur, “agus rud eile, níor casadh aon duine ariamh orm a dubhairt liom go rabh sé san áit a deir tú”.
    “Ba mhaith liom” ars an maighisteir, “da dtéidhthea go h-ifreann damh fa choinne carraideas críostaigh”.
    “Maise rachaidh agus fáilte”, arsa Crochur. “Ba mhaith liom an áit a fheiceil, agus sílim nach mbíonn moill orm eolas an bhealaigh a dheánadh amach. Caide an macasamhail de charraideas críostaigh atá a dhith ort?”
    “Ó”, ars an maighistear, “ní bhéidh moill ort a [aithne]? Nuair tchídhfeas tú é. Béidh bearad dearg air”.
    “Maith go leor”, arsa Crochur.
    Ghléas sé é fhéin, agus shín leis ar a shuaimhneas féin go ndeachaidh sé fhad le geaftaí Ifreann. D’fhosgail sé an geafta agus chuaidh isteach. Nuair a dhearc sé thart bhí sluagh diabhal fa dtaobh de agus iad ag troid agus ag marbhadh a cheile le súistí iarainn, agus an gleo agus an callan a bhí acu ní chluinthea do chluasa leis,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tarlach Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall