Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Annsin d’innis an Ríogh dó goidé chaithfeadh sé a dheánamh le ‘na nighean a bhaint amach. Dubhairt an Ríogh leis go gcaithfeadh sé a ghabhail i bhfolach ar feadh trí lá ó éirigh gréine go luighe gréine, agus dá bhfuigheadh an Ríogh é ar aon lá aca go gcaillfeadh sé a cheann. Dá mbéadh sé adhmhail go leór- gan an Ríogh é a fhaghail, bhéadh ar an Ríogh a ghabhail i bfolach ar feadh trí lá ó éirigh gréine go luighe gréine, agus dá bhfuigheadh mac an Ríogh é, bhí go maith, acht da theipeadh air chaillfeadh sé a cheann.
Ar maidin lathar na bharach dhul a dteachaidh sé i lathair an Roigh, chuaidh sé fhad leis an cliobóig le fear a thabhairt dí, agus nuair a bhí sé a deánamh seo, d’innis sé teármaí an Ríogh dó’n cliobóig. “Tharraing ribe amach as mo thaoibh se arsa’n chliobóg agus go isteach ‘sa pholl a fhágas sé agus tarraing isteach an ribe do dhiaidhn. Rinne se seo. Fá choinfheascair ‘na h-oidhche chuaidh mac an Ríogh fhad leis an chaisleán. Casadh an Rí air. “An bhfuair tú mé” arsa seisean leis an Ríogh. “Ní bhfuair indiú” arsa’n Ríog “acht gheobhaidh amárach”. Ar maidin lathar na bharach nuair a bhí sé ag tabhairt féir dó’n cliobóig, d’iarr sí air táirgne a tharraingt as a crúth agus dul isteach ‘sa pholl agus an tairgne a tharraingt isteach ‘na dhiaidh. Rinne sé seo, agus tráthnóna indiadh luighe na gréine chuaidh sé go caisleán ar Ríogh, agus arsa seisean leis an Righ. “Ní bhfuair tú mé indiú ach oiread”. “Ní bhfuair arsa seisean “ach gheobhaidh mé thú amárach go cinnte”
“Ar maidin lathar na bharach nuair a chuaidh sé fhad leis an chliobóig d’iarr sí air an coir a bhaint amach as a cluais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall