Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “Nannaí Chriostóir agus an Leathchoróin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí baintreabach bhocht iná comhnuidhe i Málainnbeag ar bh’ainm dí Nannaí Chriostóir. Bhí muirghin bheag lag aicí nuair a fuair a fear bás, agus bhí an bhean bhocht ar a dicheall ag obair le greim bidh a sholathar dobhtha.
    Lá amhain ní rabh greim bidh faoí creataí an toighe agus cuaidh sí amach fhad le fear muintire dí a bhí ‘sa chomursansacht le iasacht leath-choroineach a fhághail, go gceannochadh sí cloch mhine dó na páistibh.
    D’erigh sé í, inneoin, go rabh neart airgid aige agus é indhiadh theacht as an Oilean Úr.
    Chuaidh Nannaí abhaile agus chuir a cliabh oirthí fhein, agus siud síos ‘na chladaigh leithi a cruinniughadh leathaigh.
    Crom sí síos leis an chliabh a líonadh agus an chead slamam leathaigh a thóg sí bhí leath choroin ‘na luighe faoí. Ní rabh sí dadaidh ní ba bhochta ó sin amach. Badh í an bhean ba saidhbre i Málainnbheag í nuair a fuair sí bás, mar bhí adh an tsaidhbhris oirthi ó sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall