Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shiubhail siad leobhtha ar feadh trí lá agus trí h-oidhche agus ins deireadh shroich siad an cladach os coinne an oileánn. Bhí an toilean naoí mile amach o’n tír mór, agus anois thug an chliobóg comhairle dó mhac an Ríogh arias - greim maith cruaidh a chongbailt ar a muing mar bhí sé ag gabhail a shnamh trasna go dtí ‘n oilean.
Amach leis ‘san fhairrge agus ins an deireadh shroich siad an t-oilean, agus shiubail siad fhad leis na geaftaí a bhí ar bhealach an chaisleáin. Ar achan taobh de’n chasan óna geaftaí go dtí’n caisleán, bhí spící na seasamh ‘san talamh agus bhí ceann fir ar gach spíce.
Nuair a thainig siad fhad le doras an chaisleáin bhuail mac an Ríogh an doras go trom, agus thainig an Rí amach. D’fiafruigh sé dó goidé bhí seisean ag dheánamh annseo. D’innis mac Riogh an Domhain Thior a ghnaithe agus arsa Riogh an Domhain Thoir ag amharc síos ar na spící.
“Tá spice amhain thíos annsin go foil nach bhfuil ceann ar bith air, agus béidh do cheann-sa air roimh i bhfad muna mbainfidh tú mo nighean”.
Nuair a bhí mac an Riogh ag cuir na clióboige ‘na stable an tratnóna sin labhair sí leis agus arsa sise “Bainfidh tú nighean Ríogh an Domhain Thoir ma ghnidheann tú an rud a iarrfas mise ort, acht muna ghnidheann tú é cuirfear ‘un báis thú.
Chuaidh mac an Ríogh isteach go caislean ar Ríogh anois agus casadh nighean an Ríogh air, agus shaoil sé gurab í an cailín ba deise agus ba dóigheamhla a chonnaic sé ariamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cathal Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall