School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 76

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 76

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 76
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Shiubhail siad leobhtha ar feadh trí lá agus trí h-oidhche agus ins deireadh shroich siad an cladach os coinne an oileánn. Bhí an toilean naoí mile amach o’n tír mór, agus anois thug an chliobóg comhairle dó mhac an Ríogh arias - greim maith cruaidh a chongbailt ar a muing mar bhí sé ag gabhail a shnamh trasna go dtí ‘n oilean.
    Amach leis ‘san fhairrge agus ins an deireadh shroich siad an t-oilean, agus shiubail siad fhad leis na geaftaí a bhí ar bhealach an chaisleáin. Ar achan taobh de’n chasan óna geaftaí go dtí’n caisleán, bhí spící na seasamh ‘san talamh agus bhí ceann fir ar gach spíce.
    Nuair a thainig siad fhad le doras an chaisleáin bhuail mac an Ríogh an doras go trom, agus thainig an Rí amach. D’fiafruigh sé dó goidé bhí seisean ag dheánamh annseo. D’innis mac Riogh an Domhain Thior a ghnaithe agus arsa Riogh an Domhain Thoir ag amharc síos ar na spící.
    “Tá spice amhain thíos annsin go foil nach bhfuil ceann ar bith air, agus béidh do cheann-sa air roimh i bhfad muna mbainfidh tú mo nighean”.
    Nuair a bhí mac an Riogh ag cuir na clióboige ‘na stable an tratnóna sin labhair sí leis agus arsa sise “Bainfidh tú nighean Ríogh an Domhain Thoir ma ghnidheann tú an rud a iarrfas mise ort, acht muna ghnidheann tú é cuirfear ‘un báis thú.
    Chuaidh mac an Ríogh isteach go caislean ar Ríogh anois agus casadh nighean an Ríogh air, agus shaoil sé gurab í an cailín ba deise agus ba dóigheamhla a chonnaic sé ariamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal