School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 60

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 60

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 60
  3. XML “An Táilliúr Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sin ann ‘s is fad’ ó bhí. Bhí baintreabhach mná ann agus ní rabh fhios a cuid ullmhachais aicí (a cuid saidhbris).
    Bhí cliú mí thrócaireach, neamh thuilleamhar bhródamhail aicí fosta. Bhí taobh tire de thalamh aicí agus dhá chaislean toighthe. Bhí dhá mhac aicí agus phiocfá amach as cruinniú iad ar a mbréaghthacht, acht bhí go maith ‘as ní rabh go h-olc, nuair a bhí an fear b’óige aca naoí mbliadhan déag d’aois thuit sé i ngrádh le ingean “coiteora” a bhí ‘san comhursanacht acu agus leoga níorbh leas ainm cailín bréagh oirthí.
    Thainig sé lá amhain fhad le ‘na mhathair agus arsa seisean léithe “A mhathair tá súil agam posadh gan mhoill” “Bal” arsa’n mhathair. “Níl docair annsin”. “Ma thaitnigheann do bhean mise béidh dóigh mhaith ort le do shaoghal”.
    “Bfuil dochair fiafruigh cia adhbhar na mnaoí”. “Níl maise leóga” arsa seisean. “’Sí nighean na coiteóra seo thoir í”. “Tcím”, arsa’n mhathair go bhfuil tú a gabhail a náiriughadh an méid a thainig romhat”. “Och ‘bhal’ arsa seisean ní shaoilim fhéin sin”. Ma phósann tú í arsa’n mhathair ní thabharfaidh mé duit acht sciobal atá thoir annsin le dul a chomhnuidhe ann, agus scilling amhain de mo airgid ghach seáchtmhain”. “Is Cuma liom arsa’n mac”. “Nuair a bheidheas inghean an coiteóra agamsa ní bhéidh aon chaill orm”.
    Pósadh an lánamhan agus thug sé leis chun na sciobal í le dul a chomhnuide ann, agus ma thug fhein ba bheag an éadál scilling aige le dul i gcionn an t-saoghail leis. Bhí sé ag obair thall agus abhos a’ saotrú lá beag páighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1536A: The Woman in the Chest
    Language
    Irish
    Informant
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    53
    Address
    Málainn Mhóir, Co. Donegal