School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Mhálainn Bheag
- XML Page 86
- XML “An Mhuc Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí triúr cailín ann fad ó shoin - triúr deirbhshiúr a bhí ionnta agus bhí fear amhain ag brath ar an triúir. Phós sé an bhean ba óige aca, agus bhí éad an domhain ar an bheirt eile. Ba é cuid de ghnaithe an fir seo a bheith ar siubhal thar saile tamall gach bliadhain.
Nuair a bhí sé bliadhain pósta rugadh mac óg do mhnaoí acht bhí seisean ar shiubhal san am, agus bhí deirbhsiúr a mhnaoí s ‘sa teach a tabhairt aired dí. Nuair a rugadh an leanbh chuir an deirbhshiúr, bhfolach an leanbh agus d’innis do’n bhean gur pisín cait a bhí ann. Chuir seo an bhrón ar an chréathur, agus ní rabh sí ábalta éirigh as a leabaidh le buaidhreadh.
Bhí muc alt ‘na comhnuidhe ‘san ált comhgarach dó’n áit seo, agus thug deirbhsiúr an mnaoí an leanbh dí le h-oileamhain. D’oil an mhuc alt an leanbh
Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Nuair a thainig an fear abhaile d’fiafruigh sé ca rabh an leanbh agus d’innis deirbhshiúr a mhnaoí dó gur pisín cait a rugadh dó. Thainig an fhearg ar an fhear agus droch-mheas le na mnaoí fhéin.
D’imthigh sé le na ghnaithe an darna bliadhain agus rugadh mac eile dó nuair a bhí sé ar shiubhal. Thug an deirbhsiúr an leanbh leithi annsoir an mhuc alt agus d’oil an muc-alt an dara leanbh fosta. Nuair a chonnaic a bhean fhéin goidé mar bhí, bhí sí i bhfad níos brónaigh agus thosaigh sí a mheath le bhuaidhreadh.(continues on next page)- Informant
- Máire (Seán) Ó Beirn
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal