School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear gallda ina chomhnuidhe i Málainn Móir darbh ainm de Roibeaird Morra. Tráthnóna amháin las Roibeaird a phíopa agus chuaidh amach da chaitheamh. Bhí galadh maith ann agus nuair a bhí sé ag dul thart binn an toighe shéid an ghaoth an aibhleóg a bhruigh sé síos i gcionn a phíopa, agus chuaidh giota de'n aibhleóg dhearg isteach ina shúil. Bhí a shúil an nimhneach agus ní rabh sé ábalta rud ar bith a fheiceáil leithi, agus bhí pian iongantacht ann fosta.
An oidhche sin níor chodluigh sé néall. D'éirigh sé ar maidin agus chuaidh sé amach fan teach. Thug buachaill aimsir na comharsan fa dear é, agus d'fhiafruigh do goidé bhí cearr leis. D'innis Roibeaird do, fá mar tharluigh le 'na shúil.
Gabh annsoir Shéaimín Ó Beirne i nGleann Mhálanna arsan buachaill tá leigheas léigheas (órtha) an dúileadáin aige. Bhí Séaimín ina chomhnuidhe míle nó míle go leith ó theach Roibeaird agus bhí a shúil comh dona sin nach rabh sé abalta dul fhad leis, acht chualaidh nighean Roibeaird an rud a d'innis an buachaill do a h-athair agus go brathach leithi agus níór bhain sí a méar de a sróin go rabh sí i dtoigh Séaimín Chiteóige.
Bhí Seaimín agus a bhean na shuidhe cois(continues on next page)- Informant
- Anna Morra
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal