School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí sean-dhuine an ghreannmhar ‘na chomhnuidhe I Málainnbheag a dtugadh siad Micí Dhonnachaidh air. Bhí sean-duine eile ‘sa chomhursan acht aige ar bh-ainm de Criostóir O’Beirn agus bhiodh an beirt I gcomhnuidhe I gcuideachta a cheile a cainnt agus a comhradh ar gach rud a tharlaigh I dtús a saoghail.
Bhí siad ag “spree” oidhche amhain ar an bhaile agus las Micí a phíopa agus thug do Chriostóir é le toit a chaitheamh. Bhí cupla buachaill ‘na shuidhe taobh thíosdobhtha agus rinne said suas eatorra fhéin go iarrfadh said an píopa ar shean Chriostóir go bhfeicfeadh said goidé mar ghlacfadh Micí é a phíopa a bheith dhá chaitheamh.
D’iarr buachaill dána ar b’ainm de Conaill Ó’[?]ionnlaigh an píopa ar Criostóir agus thug sé dó é. Thug Conaill do bhuachaill eile, agus thart leis an píopa idir na buachaillí. Bhí Micí ag coimhead agus a shaith feirge air, acht níor thug Criostóir fá deara rud ar bith acht é ag seanchus le Micí. Ins an deireadh d’fiafruigh Criostóir do Micí “Goidén t-am a oidhche é do bharamhail a Mhicí” “Níl fhios agam” arsa Micí”. acht (Shin fear de na buachaillí a phíopa arias do Mhicí an bomaite seo) do réir mar shiubhail mó phíopa sa caithfidh sé go bhfuil sé tamall maith ‘san oidhche”, agus bhuail sé ceann a phíopa ar a bhois ag taisbeaint do Chriostóir go rabh sé folamh.- Informant
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal