School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 23

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 23

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 23
  3. XML “Máire Ní Bheirn agus An Fear Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Máire Ni Bheirn ina comhnuidhe i Málainnbheag agus tá an teach ina bhfuil sí na comhnuidhe fa thuairm trí chéad slat ó bruach na Trágha Báinne. Tá an Tráigh seo iomráidtheach a bheith ‘na áit comh uasal agus atá in Éirinn.
    Innsigheann Máire an sceal seo a leanas –
    Lá amhain fá thuairm naoí mbliadain déag ‘as fiche ó shoin bhí sí ag obair taobh amuigh de’n doras agus tcí sí an fear ag tarraingt ar an toigh. Bhí sé ag teacht bealach ina Tragha. An dara bleasg a thug sí air, chonnaic theas dí nach rabh sé i gceart, nó thug sí fá deara go rabh sé ag cuimilt a éadan go cruaidh
    Isteach ‘na toighe leí agus arsa sise leis an t-seanbhean a bhí ag bogadh an cliabhain ‘sa choírnéal “Tá fear ag teacht aníos an “Muirbheach” agus sílim nach bhfuil sé ar dóigh”. “Druid an doras air” (arsa’n t-seanbhean) nuair nach bhfuil fear an toighe fá bhaile”
    “Ní ceart an doras a druideadh ar dhuine ar bith” arsa Máire, agus ní dhearn.
    Thainig sé isteach agus sheas sé leis an bhalla – giota beag aníos o’n doras, agus é ar a shean dhichill ag cuimilt a éadain. Fear fionn ruadh a bhí ann agus croiceann deas geal bán air, lán de bhricne, acht a éadan, agus bhí sin comh dearg le aibhleóg le méad an cuimilt a bhí sé ag tabhairt dó.
    D’iarr sé braon taé agus giota aráin. Rinne Máire braon tae dó acht ní rabh aran ar bith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Bheirn
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Málainn Bhig, Co. Donegal