School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fad o shoin nuair a bhí pisreogacht, agus ealadha dhubha dá chleachtadh ins an áit seo, bhí sean bhean Gallda ina comhnuidhe i Málainn mhór agus Bell Blaine an t-ainm a bheireadh siad oirthí. Bhí fhios ag gach duine beag agus mór ins an áit go rabh "Bell" ag cleachtadh Draoidheachta agus ar an adhbhar sin bhí eagla ar na Gaill comh maith leis na Catloicigh roimh an "Cailleach Draoidheachta" seo.
Bhí na Coast Guards 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór 'san am agus bhíodh "Bell" ag congbhailt bainne agus im leobtha gidh nach rabh aicí acht sean bhó amhain.
Maidin lá Beáltaine amhain musgladh Niall Nábla (fear de chuid na comhursan) le tarman iongantach ag na cearca 's aige amuigh 'sa bhóitheach. Bhí siad uilig ag sgolagarnaigh mar bheadh an eagla ortha: Shaoil Niall gurabh é an madadh ruadh ar a chois le sgrios a dhéanamh ar na cearca, agus d'eirigh sé, agus amach 'na bhóithigh leis. D'fhosgail sé an doras go h-an chúramach, agus nuair a d'amharc sé isteach caidé tcí sé acht gearrfiadh dubh ag diúil a bhó.
Dhruid sé an doras 'na dhiaidh agus bheir greim ar an "graip". Thug sé moran iarrachta an gearrfiadh a mharbhadh acht ní rabh gair ann. 'Sa deireadh chuir sé spíce de'n "graip" fríd a leis deiridh ag an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Bhaoighill
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Málainn Mhóir, Co. Donegal