School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh fear isteach idteach lá amhain agus ní rabh istoigh ‘sa teach ach gasúr. D’fiafruigh an fear dó’n ghasúr cá rabh a athair (a) “Tá sé ag iasgaireacht (arsa seisean) agus achan cheann dá bhfuil sé a fhaghail tá sé dá chaitheamh ar shiubhail agus achan cheann nach bhfuil sé a fhághail tá sé dá thabhairt leis”
Seo an brigh, nó an freagra – “bhí sé ag piocadh míola da léinidh”
(b) Ca bhfuil do mhathair arsa’n fear leis an ghasúr?
“Tá sí ag meilt na mine a h-ithead anuraidh”. (arsa’n gasúr)
Sé an brigh a bhí le seo –
Bhí an mhathair ag meilt min iasachta
(c) Ca bhfuil do dhearbhrathar arsa’n fear
Tá sé ag cur gach eile thrí bhealach le cheile (arsa’n gasúr)
Sé an brigh a bhí le seo:-
Bhí an dearbhrathar ag cóiriugadh trí bheárnaigh a bhí I gchlaidhe.- Collector
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Informant
- Seaghan Ó Cannain
- Gender
- Male
- Address
- Meenaneagh, Co. Donegal