Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 71

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 71

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 71
  3. XML “Mac Rí an Domhain Thiar agus an tÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann agus is fad’ ó bhí. Bhí Rí ‘san Domhain Thiar agus bhí triúr mac aige, agus chá rabh fhios aige céocu de’n triúr a dtabharfadh sé a choróin dó. Maidin amhain nuair a d’fhosgail sé doras a chaisleáin le h-amharc amach chonnaic sé go rabh an talamh cúmhduighthe le sneachta, agus ar leic an doras bhí cleite éin ‘na luighe - an cleite ba aistidheach a chonnaic sé ariamh. Thóg sé é agus d’amharc air, agus isteach ‘na toighe leis. Sgairt sé ar a thriúir mac agus arsa seisean. “Cibe ar bith duine agaibh a gheobhas an t-éan ar leis an cleite seo bheirfidh mise mo chorín dó.
    Sheas an mac ba sine suas agus dubhairt sé go rachadh seisean a chuartughadh an éin ar maidin lathar na bharach agus mar mbéadh sé arias abhaile roimh lá agus bliadhain-a’ dheárbhrathar eile imtheacht ar an turas ceadna. D’imthig sé ar maidin lathar na bharach agus thug lón leis bhí go maith ‘s ní rabh go h-olc.
    Shiubhail sé ó mhaidin go dtín’ neóin dhubh trathnóna agus ‘sa deireadh shuidh sé síos ar chnuc bheag le ‘na lón a ithe. Bhí tobar beag ‘san áit ar shuidh sé, agus go díreach nuair a bhí sé ag baint an loin amach as a phoca thainig madadh ruadh suas fhad leis agus shuidh ag ‘na thaoibh agus d’iarr sé air, cuid de chuid loin a thabhairt dó. “Ní thabhairfidh maise arsa seisean nó níl go leor agam damh fhein ní ‘é amhain cuid de a roimh leat-sa”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0329: Hiding from the Devil
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cathal Ó Cuinneagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Donegal