Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 8

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 8

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 8
  3. XML “An Gníomh a Rinne an Buachaill a d'Fhoghluim 'Prince Charlie'”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad o shoin ba ghnathach le muintear Mhálannabige dul go Sligeach ó am go h-am le lucht báid ceilpe agus duilisc agus craoibhrice le é a d’íol. Bhí sé gnathach fosta ag gach fear de’n fhuireann cuid a beith aige ‘san lucht. Uair amhain nuair a bhí an fuireann réid le h-imtheacht le lucht ghlac bean fir de’n fuireann tinneas tobann agus b’éigean do a bhuachail seirbise dul ina áit. Shroich siad Sligeach tráthnóna an lae sin agus ar maidin lá-thar na bharach dhíol siad an lucht.
    Nuair a fuair siad a gcuid airgid dar leobhtha go bhfan fadh siad tamall fan bhaile mór. D’ól gach fear aca gloinne agus siubhail siad thart tamall beag ag spaistearacht aníos agus síos an t-sráid. Bhí “garastún” saighdiúr dearg i Sligeach shan am agus dar ndoigh bhí fuath aca ar na h-Éireannaigh.
    Bhí cead a gcinn go maith ag an dream ceadna. Thainig sgaifte acú anuas an t-sráid a rabh cuid de’n fuireann ag spáistearacht ann. Bhí an buachaill seirbise ina measg agus mar gurab é a chead uair sa bhaile mhor bhí sé ag amarch le h-iongantas ar gach taobh de.
    Bhuail sé in agaidh fear de na saighduiribh agus tosaigh siad a bhabaireacht agus ag deánamh grinn de. Ní rabh siad gan tabhairt fá dear gur buachaill glic a bhí ann nó bhí a chumadh sin air. An saighdiúr seo ar bhuail sé ina agaidh. D’iarr sé ar an buachaill maitheamhnas a thabairt dó siocar buaileadh ina aghaidh acht ní dheánfad an buachaill seo.
    Sgairt an saighdiúr “Muc Eireannach” air agus i bpreabadh súil tainigh an buachaill ‘un tosaigh agus leag an fear a thugh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seósamh Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ua g Fionnalaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall