Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fad ó shoin i n-am na dlighthe pianamhla agus ar feadh tamhaill maith in a dhiaidh sin bhiodh ag na saghairt le dul a áit go háit idir na ndaoine i ngnaithe spioradalta.
Ní rabh sagart ar bith ‘san áit seo, agus an sagart ba chomhgairigh. Bhí sé i na chomhnuidhe i mbaile an Drochicid (Cill Chartha) Ni rabh bealaigh móra san am sin mar tá anois agus is ag marcuigheacht ar Dhruim Capaill a theidheadh na saghairt ó áit go háit.
Badh ghnathach daobhtha nuair a bhí “Stations” le bheith acu i dteach ar bith, a theacht an oidhche roimh ré agus Fanacht ann-bfeidir dhá oidhche go minic. Bhíodh an cléireach i gcomhnuidhe leis an sagart fosta.
Uair amhain bhí sagart i Málainn Béag an oidhche roimh na staisiún. Sagart Mach Giolla Cearr an t-ainm a bhí air. I lar na hoidhche thainig an scairt ar an tSagart. Nuair a mhusgail sé shaoil sé gur ag [briongiodig]? a bhí sé. Dfan sé ina luighe ar feadh tamaill agus chualaidh sé an sgairt an dara h-uair taobh amuigh de fhuinneóg an t-seomra ina rabh sé na luighe. hIarradh air éirigh agus dul go Fár-Rónach. (seo cladach faoi shléibh a liag).
D’éirigh sé agus mhusgail sé a chléireach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Beirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall