Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 21a

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 21a

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 21a
  3. XML “Tubaiste Mhic Clionntoic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sean ballóg ar an Rós annseo i Málainn Bheag i dtalamh Connaill Mic an tSaoir, agus deirtear gur teach pobail a bhí ann fadó. Tá sé uilig leagtha acht amhain altóir, agus tá gioca de sin ina sheasamh go foill. Deir an sean bhunadh gur Naomh Caoimhighin atá ammnidhe leis.
    Go dtí le h-aimsear ghoiridh théidheadh na daoine anonn go dtí an sean bhallóg seo dia dhomhnaigh agus dhearfadh siad a bpaidrín ann. Tá móran páistidhe afuair bás gan baisteadh curtha ann fosta.
    Seo scéal a bhaineann leis an sean altóir seo. Tá sean tús fá thuaisin cupla scór slat (ar bhruagh na fairrge) o’n bhallóg agus ins an t-ochtadh aois déag nuair a bhidhtear ag chuir suas an Túr seo bhí fear Gallda de Cloinn Mhic Clionntoic ag cartal cloc chuig na saoraibh. Lá amhain chuaidh sé le na “chart” fhad leis an tsean altóir agus thosuigh a bhaint na gcloch amach as. Crosadh air seo a dheánamh acht níor thug sé aird ar dhuine ar bith acht chuaid sé ar aghaidh le na chuid oibre.
    Ar maidin lathar na marach nuair a chuaidh Mac Clionntac ‘na stábla le féar a thabhairt do na chuid beithidhigh bhí a dhá bheithidheac capaill ‘ina luighe marbh.
    Gach eile chloch d’ar baineadh as an t-sean altóir fágadh arais iad ins an áit cheadna, agus níor baineadh leis o’n lá sin go dtí’n la indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    71
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall