Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 34

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 34

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 34
  3. XML “Niall Nábla agus an Giorria Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad o shoin nuair a bhí pisreogacht, agus ealadha dhubha dá chleachtadh ins an áit seo, bhí sean bhean Gallda ina comhnuidhe i Málainn mhór agus Bell Blaine an t-ainm a bheireadh siad oirthí. Bhí fhios ag gach duine beag agus mór ins an áit go rabh "Bell" ag cleachtadh Draoidheachta agus ar an adhbhar sin bhí eagla ar na Gaill comh maith leis na Catloicigh roimh an "Cailleach Draoidheachta" seo.
    Bhí na Coast Guards 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór 'san am agus bhíodh "Bell" ag congbhailt bainne agus im leobtha gidh nach rabh aicí acht sean bhó amhain.
    Maidin lá Beáltaine amhain musgladh Niall Nábla (fear de chuid na comhursan) le tarman iongantach ag na cearca 's aige amuigh 'sa bhóitheach. Bhí siad uilig ag sgolagarnaigh mar bheadh an eagla ortha: Shaoil Niall gurabh é an madadh ruadh ar a chois le sgrios a dhéanamh ar na cearca, agus d'eirigh sé, agus amach 'na bhóithigh leis. D'fhosgail sé an doras go h-an chúramach, agus nuair a d'amharc sé isteach caidé tcí sé acht gearrfiadh dubh ag diúil a bhó.
    Dhruid sé an doras 'na dhiaidh agus bheir greim ar an "graip". Thug sé moran iarrachta an gearrfiadh a mharbhadh acht ní rabh gair ann. 'Sa deireadh chuir sé spíce de'n "graip" fríd a leis deiridh ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall