Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sé gnathach ag an t-aois óg moran cleas a dheánamh oidhche ’ Samhna ins an t-sean am.
Bhí cailín ina comhnuidhe i Málainnbeag agus rinne sí cleas oidhch Shamhna agus deirtear go rabh an scéal fíor fa mar d’éirig le í.
Nigh si a léine i n-uisge trí theóranta agus chuir é ar thiormadh ar chathaoir os coinne na teineadh i n-am codhladhta. Chuaidh sí fhéin a luighe i leabaidh na cisteannaigh agus d’fan sí musgailte go bfheiceadh sí a dtiocfadh fear a thionntadh na léineadh.
Ní rabh sí ibhfad na luighe nuair a fosgladh an doras agus shiubhail fear coimhthigheach isteach, agus é gléasta i gculaith máirnealaigh. Thainig sé aníos go dtí n chathaoir agus tionntuig sé an leine. Bhí scian phoca ina láimh aige agus nuair a bhí sé ag tionntadh na léineadh, d’fág sé an scian ar an chathaoir, agus rinne dearmad dí nuair a bhí sé ag imtheacht.
Chongbhuigh an cailín an scian i gcomhnuidhe go cúr amach, agus lá amhain thainig bád isteach go h-Uaig Mhálannabige le h-Oifiigeach na “Coast Guards”. Léim máirnealach amach ar an cheidh leis an bád a fheistiughadh.
Comh luath agus chonnaic an cailín é d’aithin sí gurab é an fear ceadna a thainig ‘na toighe oidhc’ Shamhna é. Bhí sé ag spaistearacht thart fa’n chéid agus casadh ar an chailín é. Chuaidh an bheirt ‘un cainnte mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Bheirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall