Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 33

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 33

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 33
  3. XML “Micí Dhonnachaidh agus a Phíopa (Scéal Grinn)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sean-dhuine an ghreannmhar ‘na chomhnuidhe I Málainnbheag a dtugadh siad Micí Dhonnachaidh air. Bhí sean-duine eile ‘sa chomhursan acht aige ar bh-ainm de Criostóir O’Beirn agus bhiodh an beirt I gcomhnuidhe I gcuideachta a cheile a cainnt agus a comhradh ar gach rud a tharlaigh I dtús a saoghail.
    Bhí siad ag “spree” oidhche amhain ar an bhaile agus las Micí a phíopa agus thug do Chriostóir é le toit a chaitheamh. Bhí cupla buachaill ‘na shuidhe taobh thíosdobhtha agus rinne said suas eatorra fhéin go iarrfadh said an píopa ar shean Chriostóir go bhfeicfeadh said goidé mar ghlacfadh Micí é a phíopa a bheith dhá chaitheamh.
    D’iarr buachaill dána ar b’ainm de Conaill Ó’[?]ionnlaigh an píopa ar Criostóir agus thug sé dó é. Thug Conaill do bhuachaill eile, agus thart leis an píopa idir na buachaillí. Bhí Micí ag coimhead agus a shaith feirge air, acht níor thug Criostóir fá deara rud ar bith acht é ag seanchus le Micí. Ins an deireadh d’fiafruigh Criostóir do Micí “Goidén t-am a oidhche é do bharamhail a Mhicí” “Níl fhios agam” arsa Micí”. acht (Shin fear de na buachaillí a phíopa arias do Mhicí an bomaite seo) do réir mar shiubhail mó phíopa sa caithfidh sé go bhfuil sé tamall maith ‘san oidhche”, agus bhuail sé ceann a phíopa ar a bhois ag taisbeaint do Chriostóir go rabh sé folamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bheirn
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall