Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)
- Suíomh:
- Málainn Bhig, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chomhnuidhe i Málainnbheag ar bhainm do Seán Ó’Casaide. Bhí léigheas peisteóg ag Seán agus thigeadh daoine as gach uile áit le Seán as léigheas a dheánamh dobhtha. Léigheasadh sé beithidigh comh maith le daoine.
Bhí fear gallda ina chomhnuidhe i Málainn-Mór ar bhainm Seosamh Blaine agus ní rabh aige acht bhó ámhain. Trathnóna amháin nuair a bhí an bhó ag ól deoch uisge as an t’sruthan ‘slug sí dairb, agus i gcionn tamaill d’ath sí suas. Tugadh isteach fear tuigseach agus dubhairt sé nach rabh sé abalta rud ar bith a dheánamh de’n bhó. “Tá eagla orm (arsa seisean) go mbeídh sé marbh ar maidin”.
Smaointigh siad ar Séan Ó’Casaide agus h-iarradh ar Seosamh Blaine imtheacht leis agus Seán a Fhághail.
Nuair a shroic sé Málainnbheag bhí sé an mheadón oidhche agus bhí Seán ina luighe. Sgairt sé air agus d’innis a ghnaithe dó “Deán an leigheas damh i n-ainm Dé”. (chaithfidh an léigheas a’ iarraidh in ainm Dé) arsa seisean.
Chait Seán a stoca amach ar an fhuinneóig agus d’iarr ar Sheosamh Blaine é a cuimilt ar bholg na bó agus trí bhuille a bhuaileadh sa druim oirtí i n-ainm na Trionóide. Rinneadh seo agus ó’n bomaite a rinneadh an léigheas bhí an bhó ag biseadh, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Anna Morra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall