Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 026
- XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”
- XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sul a dtáinic Naomh Colmcille chun na h-áite cuireadh an tóir air ó Conndae eile i n-Éirinn. Annsin tháinic sé isteach annseo.
Bhí sé tamall istigh annseo agus nuair a bhí sé ghá fhagháil rinn sé turas agus i n-áit amháin tá cosamhlacht cathaoireach deanta istigh i gcloich.
Agus nuair a shuidh Colmcille istigh sa chathaoir seo dubhairt sé go sgairteadh sé Gleanncolmcille ar achan áit dhá rabh sé ag amharc air o'n chathaoir sin.- Bailitheoir
- Mícheal Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Dubhairt Naomh Colmcille go rabh sean teach amuigh i nGleann Locha agus nuair a thiocfadh an cogadh go mbéad lán an toighe sabhailte.
Nach muirbhfidhe duine ar bith sa ghleann seo le tairneach.
Go mbéadh Éire saor sa bhliadhain naoi gcéad déag is a dachadh.
Go dtiocfadh rud isteach ins na Cealla Beaga a bhéadh ag cur teinidh amac ar a bheal.
Go mbéad na sgéaltaí ag gabhail ar bharr bataí.(leanann ar an chéad leathanach eile)