Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal
- XML Leathanach 068
- XML “Seanfhothracha Áitiúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá fothracha sean-teach pobail comgarach do’n t-sean-bhealach atá ag gabhail ó an Ghleann seo go dtí an Mháluinn Mhór agus bheir na daoine mullaigh na gCros ar.
Bhí teach pobail beag annsin agus thigeadh na daoine ann achan Domhnach le Aifreann d’éisteacht. Thigeadh na Produstanaigh ag marcuigeacht síos an bealach sin nó ní rabh bealach ar bith eile aca le teacht.
Bhíodh siad ag magadh ar na Caitliocaigh nuair a tcíodh siad iad irtaigh san teach pobail agus iad ag guidhe. Bhí sagart ann de’n t-sloinneadh Mhac Fhionnlaoich agus deir cuid de na daoine go bhfuil sé curtha annsin.
Ní rabh sglátaí ar bith ar an teach pobail nó ní rabh ann ac tuighe de fheaga agus bhí úrlar créafóige ann.
Nuair a bhí na daoine gabháil an teach pobail sin a thógail chuaidh cupla duine thart agus bailigh an mheid airgid a rinne é.- Bailitheoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall