Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: G.P. Pléimeann
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cáilin aimsire ag Colmcille agus nuair a bhíodh Colmcille amuigh ghníodh sí réid a chuid bhéilí dó.
Lá amháin bhí Colmcille amuigh sa cnoc agus nuair a tháinic sé arais bhí ocras air. D'iarr sé ar an cháilín arán agus bainne a thabhairt dó.
Dubhairt an cáilín nach rabh bainne ar bith sa teach. D'fiafruigh Colmcille annsin an rabh bainne ar bith ag an bhó agus dubhairt an cáilín nach rabh.
Bhí fearg ar Chomcille agus thug sé an ghunna leis agus sgaoil sé an bhó. Bhain sé na cnamha aistí agus chaith sé anonn agus anall iad.
Nuair a chonnaic an cháilín seo thoisigh sí ag caoineadh. Ghlac Colmcille truaighe dithe agus chruinnigh sé na cnámha arais agus chuir sé i gcionn a chéile iad. D'éirigh an bhó agus thoisigh sí ag siubhal.
Chonnaic Colmcille go rabh sí bacach agus nuair a d'amharc sé úirthe chonnaic sé go rabh cnám amháin fághtha aistí.
Indiaidh sin bhí neart bainne ag an bhó agus dubhairt Colmcille go mbéadh neart bainne ag aon bhó a bhéadh bachach.- Bailitheoir
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)