Scoil: Caiseal (uimhir rolla 13055)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
G.P. Pléimeann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 051

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 051

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal
  2. XML Leathanach 051
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San t-sean am nuair a bhí géar leanamhaint an chreidim ar bun bhíodh na sagairt ag radh an Aifrinn i gcill na gcnoc. Lá amháin bhí sagart ag radh an Aifrinn i n-umhaigh ins an chnoc agus tháinig an torp air. Rith sé ar shiubhail agus chuaidh sé isteach i dteach i Phobail eile a bhí aige i gCilti Feannailt agus tháinig na saighdiuirí ar agus mharbh siad é. Bheirtear Cró an Aifrinn ar an áit sin o shoin agus achan t-reachtmhadh. Bliadhain fosglann an Umhaigh amach agus druideann sé arist.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnseas Mac Fhionnlaoich
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cionn na Coilleadh, Co. Dhún na nGall
  2. (gan teideal)

    Ins an t-sean am nuair nach rabh thoighthe-pobail ar bith ann. ...

    Ins an t-sean am nuair nach rabh thoighthe – pobail ar bith ann, bhí aca leis an t-Aifreann a léigeamh i gcúl na gcnoc. Corr-uair ghníod na Caitliocaigh poll faoi’n talamh agus théigheadh an sagart agus an pobal isteach. Faoi’n talamh agus léigheadh an sagart an t-Aifreann.
    Lá amháin nuair a bhí an sagart ag léigeamh an Aifrinn shíos ag an Sgathlann chonnaic spíadiór iad agus d’innis sé do na Produstanaigh go rabh an sagart agus na Caitliocaigh ag an Sgathlann. Tháinic na Produstanaigh fhad leis an sagart agus fuair siad greim air. Rith fear amháin de’n phobail isteach agus mharbh sé an Produstúnach. Fuair an sagart slán ach marbhadh an Produstunach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.